Course Description

MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)



Réamhrá

Clár úrnua iarchéime é seo a thabharfaidh deis duit eolas leathan a shealbhú ar mhór-réimsí Léann na Gaeilge, agus ar an gceannaireacht. Tá an clár ar fáil ó thús deireadh ar líne.

Forléargas ar an MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)

Anuas ar chlár téagartha acadúil, agus deiseanna díriú ar ghnéithe de Litríocht na Gaeilge, d’Ealaíona na Gaeilge, agus den tSochtheangeolaíocht agus den Phleanáil Teanga,  beidh fócas láidir freisin ar scileanna gairmiúla a fhorbairt. Forbrófar sárscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh, agus tacar scileanna idirphearsanta, a bheidh ag freagairt do riachtanais chumarsáide na rannpháirtithe féin. Oilfear thú le bheith i d’eiseamláir den dea-chleachtas i gcomhthéacsanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail agus beidh tú in ann riachtanais a aithint agus deiseanna a thapú maidir le do réimsí féin agus ar bhonn eagraíochtúil. Sealbhóidh tú na scileanna cuí le pleanáil a dhéanamh, athrú a thabhairt i gcrích agus spriocanna a bhaint amach.

Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, a bhfuil gné cinnireachta lárnach ann, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.

Tá claochlú ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shaol an léinn. Is gá aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach athraithe seo, agus freastal ar na riachtanais nua oiliúna a leanfaidh an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021). Is gá freisin céimithe a oiliúint a thabharfaidh aghaidh ar fhorbairtí nua sa phleanáil teanga, sna healaíona agus i réimse an oideachais/i Léann na Gaeilge. Acmhainn í an Ghaeilge don uile dhuine. Chuige sin, aithníonn an MA seo go bhfuil gá le pobal cleachtais a thógáil le dhá arm aigne: eolas ar shaíocht na Gaeilge, agus tacar scileanna feidhmeacha a chuimseoidh cothú na féinfheasachta agus tréithe cinnireachta.

Léachtóirí lán-aimseartha Roinn na Gaeilge a bheidh ag múineadh ar an gclár seo agus beidh ionchur idirdisciplíneach ann ó ranna eile, agus ó shaineolaithe earnála.

Beidh tú ag foghlaim trí mheascán de sheimineáir bheo idirghníomhacha agus deiseanna foghlama aisioncronacha (ag am a oireann duit féin). Fágann seo go mbeidh tú ábalta a bheith páirteach i bpobal foghlama ar bhealach a thugann san áireamh do dhualgais ghairmiúla agus phearsanta féin.

Sainghnéithe an Chláir

Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, le gné cinnireachta, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.

Gné nuálach ar leith den chlár is ea an t-ionchur a bheidh ag saineolaithe seachtracha agus ceannairí earnála – maidir le hábhar teagaisc, measúnú agus aoi-léachtaí. Beidh deis agat scileanna a fhoghlaim ó cheannródaithe i ngort an léinn agus ó chleachtóirí agus ceannairí i bhfiontair teanga, phobail agus oideachais, ó cheannródaithe i Léann na Gaeilge.

Tá Tuairisc.ie mar phairtnéir comhairliúcháin don mhodúl Teanga agus Cumarsáid.

Tá ionchur ag Roinn na Meán agus Léann na Cumarsáide agus ag Roinn na Drámaíochta agus Léann na hAmharclannaíochta i modúil ábharthacha chomh maith.

Tá gné roghnach leis an gclár agus deis agat díriú ar do rogha trí cinn d’ábhair as measc chroí-mhodúil acadúla an chláir.

Beidh gach mac léinn atá cláraithe ar an gcúrsa i dteideal rochtain a bheith acu ar acmhainní agus áiseanna an Choláiste. San áireamh anseo tá seirbhísí na leabharlainne, seirbhísí mac léinn, agus na ceardlanna agus na seisiúin forbartha gairmiúla a chuirtear ar fáil (beo agus ar líne) ag an Oifig Thaighde agus Iarchéime.

Aidhmeanna an MA sa Ghaeilge

Cáilíocht nuálach a chur ar fáil do rannpháirtithe an chláir a chuimseoidh oiliúint ar ardleibhéal acadúil i gcultúr, i litríocht agus maidir leis na comhthéacsanna éagsúla a bhaineann le pobail teanga éagsúla na Gaeilge agus a chuirfidh le cleachtas gairmiúil rannpháirtithe agus/nó le taighde a dhéanfaidh siad amach anseo.

Cumasú rannpháirtithe le hardscileanna ceannaireachta agus tacar scileanna feidhmeacha a shealbhú agus meon fiosrach fiontraíoch straitéiseach a chothú i leith deiseanna a thapú. Beidh céimithe an chláir mar cheannródaithe i Léann na Gaeilge agus in earnáil na Gaeilge.

Tá an phiarfhoghlaim agus an phiar-roinnt eolais lárnach sa chlár seo. Rachaidh rannpháirtithe i dtaithí ar ghníomhú i gcomhthéacs phobal cleachtais.

Déanfar forbairt ar ardscileanna cumarsáide, idir labhairt, scríobh agus éisteacht, agus cothófar tuiscintí ar an dea-chleachtas cumarsáideach i gcomhthéacsanna éagsúla gairmiúla agus acadúla, agus i réimsí eágsúla fostaíochta agus gnímh.

Rannpháirtithe a chumasú le heolas domhain a chur ar thrí cinn de na réimsí léinn seo a leanas: Léann an Chultúir agus Ealaíona na Gaeilge; Nualitríocht na Gaeilge agus Nua-insintí Cruthaitheacha na Gaeilge; Coilíneachas, Coimhlint, Cultúr 1550-1850; Pobail Teanga mionlaithe, Comhthéacs, Cinnireacht, Gníomh.

Oilfear rannpháirtithe maidir lena gcumas pleanála ó thaobh riachtanais a aithint agus tograí a chur i gcrích le go gcuirfear faobhar lena ngníomhaíochtaí féin i saol na Gaeilge, in earnáil fostaíochta na Gaeilge agus i Léann na Gaeilge, agus i bhfianaise shainriachtanais phobal na Gaeilge

Cáilíocht a chur ar fáil a fhreagróidh don éileamh atá ann maidir le céimithe le Gaeilge a chur ar fáil do réimse deiseanna fostaíochta/gairme, agus a fhreagróidh do thosaíochtaí straitéiseacha sa saol acadúil, sa státchóras, i gcórais agus fearainn oideachais éagsúla agus san earnáil phobail/ealaíne/teanga.

 

CollegeMary Immaculate College
Course LocationLimerick
Course CategoryArts & Humanities
Course QualificationMasters Degree
Course Duration1 year full time
Course FeePOA
Entry RequirementsIs féidir cur isteach ar an gclár anois. Comhlánaigh na céimeanna thíos le hiarratas a dhéanamh: Déan an fhoirm a íoslódáil anseo agus líon isteach é (Tá uimhir íocaíochta tháille iarratais (application fee) ag teastáil). Faigh cóip de do thras-scríbhinn coláiste agus cuir leis an iarratas é. Íoc an taille anseo agus cuir an fhoirm iarratais chuig TaughtProgrammes@mic.ul.ie le cc chuig Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie. Íoc an éarlais neamh inaisíoctha 50 euro anseo agus tú ag baint leasa as Stripe. Seol ar ais an t-iarratas agus do thras-scríbhinn trí rphost chuig: TaughtProgrammes@mic.ul.ie le cc Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie.
Carear PathDeiseanna Gairmiúla Cuirfidh an MA seo faobhar le gníomhaíochtaí céimithe i réimse leathan gairmeacha. San áireamh anseo tá rólanna sa saol acadúil agus i réimse an oideachais, rólanna sa phleanáil teanga, rólanna iomadúla san earnáil phoiblí/sa státchóras, rólanna in eagraíochtaí Gaeilge, cultúrtha agus pobail, agus rólanna a bhaineann leis na healaíona agus leis an bhforbairt pobail. Cuimsíonn an clár inniúlachtaí sa chumarsáid, sa phleanáil straitéiseach agus scileanna agus feasacht maidir le riachtanais a aithint, spriocanna a leagan síos agus athrú a thabhairt i gcrích. Freagraíonn na tréithe agus an tacar scileanna seo do riachtanais rólanna iomadúla agus tá éileamh mór ar chéimithe leis na hinniúlachtaí seo ag fostóirí.
Phone+353 204943
For information about Mary Immaculate College, please visit our College Profile page on Postgrad.ie by clicking here.

Course Provider

Mary Immaculate College



South Circular Road Limerick City, Limerick City, Limerick, Republic of Ireland. Eircode: V94 VN26

Make Enquiry

Please insert your contact details and any additional information you require and we will forward your request to Mary Immaculate College.
Captcha code        I confirm I have read the Privacy Policy, Terms and Conditions & Cookie Information and agree to join the Postgrad.ie community.
 

Map

Mary Immaculate College
South Circular Road Limerick City
Limerick City, Limerick
Limerick
Visit Website