Course Description

M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge & Gaeltachta



Príomhghnéithe

Sainaithníodh in go leor staidéar dúshláin a bhíonn le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch. Idir uathúil agus chasta atá an bonn eolais agus na scileanna oideolaíocha atá ag teastáil do sheomraí ranga an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Tá an clár iarchéime, trasearnála seo, an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ag freastal go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear príomhoidí, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Céim eile i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 is ea an clár oideachais múinteoirí seo.

CollegeMary Immaculate College
Course LocationLimerick
Course CategoryEducation & Teaching
Course QualificationMasters Degree
Course FeePOA
Entry RequirementsRiachtanais Iontrála Múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile cáilithe (príomhoidí san áireamh): a bhfuil bunchéim ábhartha / Dioplóma Iarchéime san Oideachas/Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas acu ag Leibhéal Onóracha 2.2 nó níos airde atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 - Creat Náisiúnta na gCáilíochtaí) atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus go bhfuil ionduchtú agus promhadh curtha i gcrích acu a bhfuil post aitheanta i scoil aitheanta acu agus a bhfuil fianaise acu ar ghnóthachtáil leibhéal B1 CEFRL, i ngach raon inniúlachta Gaeilge (éisteacht, léitheoireacht, idirghníomhaíocht labhartha, ginchumas ó bhéal, scríbhneoireacht) tar éis triail inniúlachta Gaeilge a dhéanamh a bheidh riartha go seachtrach agus an teastas soláthraithe ag “úsáideoir neamhspleách”.* Más mó líon na n-iarrthóirí ná an líon áiteanna ar fáil, beidh tosaíocht ag múinteoirí cáilithe le taithí trí bliana ar a laghad acu mar mhúinteoir agus a chomhlíonann na riachtanais iontrála thuasluaite. *Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá eolas ar leith maidir le leibhéil agus scrúdaithe TEG ar fáil ag www.teg.ie. Glacfar suas le 30 duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2019/2020. Glacfar le h-iarratais ón lá inniu suas go dtí 30 Meitheamh 2019.
Phone+353 61 204325
For information about Mary Immaculate College, please visit our College Profile page on Postgrad.ie by clicking here.

Course Provider

Mary Immaculate College



South Circular Road Limerick City, Limerick City, Limerick, Republic of Ireland

Make Enquiry

Please insert your contact details and any additional information you require and we will forward your request to Mary Immaculate College.




Captcha code        I confirm I have read the Privacy Policy, Terms and Conditions & Cookie Information and agree to join the Postgrad.ie community.
 

Map

Mary Immaculate College
South Circular Road Limerick City
Limerick City, Limerick
Limerick
Visit Website